For an initial conversation please contact:
Camilla Henry
Consultant
Primary Practice Group: Arts, Culture and Sports
Salary & Benefits: €97,207 - €120,237
Closing Date: 29/09/2023
Formal Interview Date: 22nd & 23rd November 2023 (in-person)
The National Gallery of Ireland is Ireland’s major national cultural institution that houses the national collection of European and Irish art from about 1300AD onwards. We seek to share the wonders of this collection in a welcoming, inclusive, and accessible way with visitors from Ireland and overseas. The Gallery also houses an extensive Library and Archive. The national collection and archives are important resources for anyone with an interest in art and art education. The Gallery has received many awards and accreditations including The Royal Institute of the Architects of Ireland Culture - Public Building award (2018) and the Triple Lock Standard, which recognises Irish charities that have achieved excellence in governance, financial reporting, transparency, and ethical fundraising. Under our new Director, Dr Caroline Campbell, the Gallery continues its mission of serving our visitors in their enrichment and enjoyment of visual art. The Gallery is now seeking to appoint a new Director of Corporate Services, reporting to the Director.
The Director of Corporate Services is a key role for the National Gallery of Ireland. The successful candidate will ensure the effective operation of all the functions that underpin and facilitate the Gallery’s strategic activities: Finance, Corporate Governance, Human Resources, Operations, Visitor Experience, Procurement, IT, Legal & Risk, and general management. They will have a nimble, problem-solving mind, and will understand how to operate in a highly regulated public sector environment, with multiple stakeholders, as well as how to contribute to the strategic development of appropriate commercial activities. They will work closely with the Director, the Executive Leadership Team (ELT), and senior managers, as well as our Board of Guardians and Governors, and other key external stakeholders.
The National Gallery of Ireland is being assisted in this appointment by global executive search firm, Perrett Laver.
For more information including on the required qualifications, skills, and experience, please visit: https://candidates.perrettlaver.com/vacancies/ quoting the reference 6765. A member of the team would be delighted to speak directly with interested candidates about the opportunity. The deadline for applications is 12pm GMT Friday 29 September 2023.
The National Gallery of Ireland is an equal opportunities employer.
__________________________________________________________________________
Is é Gailearaí Náisiúnta na hÉireann príomhinstitiúid náisiúnta chultúrtha na hÉireann ina bhfuil an bailiúchán náisiúnta d'ealaín na hEorpa agus na hÉireann ó thart ar 1300AD ar aghaidh. Féachaimid le hiontais an bhailiúcháin seo a roinnt ar bhealach fáilteach, cuimsitheach agus inrochtana le cuairteoirí as Éirinn agus thar lear. Tá Leabharlann agus Cartlann fhairsing sa Ghailearaí freisin. Is acmhainní tábhachtacha iad an bailiúchán náisiúnta agus na cartlanna do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu in ealaín agus oideachas ealaíne. Tá go leor gradam agus creidiúnuithe faighte ag an nGailearaí lena n-áirítear gradam Cultúir - Foirgneamh Poiblí Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (2018) agus an Triple Lock Standard, a thugann aitheantas do charthanais Éireannacha a bhfuil barr feabhais bainte amach acu i rialachas, tuairisciú airgeadais, trédhearcacht, agus tiomsú airgid eiticiúil. Faoinár Stiúrthóir nua, an Dr Caroline Campbell, leanann an Gailearaí lena misean freastal ar ár gcuairteoirí ina saibhriú agus ag baint taitnimh as an amharcealaín. Tá an Gailearaí ag iarraidh Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha nua a cheapadh, ag tuairisciú don Stiúrthóir
Tá ról lárnach ag an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Cinnteoidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi feidhmiú éifeachtach na bhfeidhmeanna go léir a thacaíonn le gníomhaíochtaí straitéiseacha an Ghailearaí agus a éascaíonn iad: Airgeadas, Rialachas Corparáideach, Acmhainní Daonna, Oibríochtaí, Eispéireas Cuairteoirí, Soláthar, TF, Dlí & Riosca, agus bainistíocht ghinearálta. Beidh intinn ghasta ag an té a cheapfar agus é/í in ann fadhbanna a réiteach, agus tuigfidh sé/sí conas oibriú i dtimpeallacht earnála poiblí ardrialáilte, le páirtithe leasmhara iomadúla, chomh maith le conas cur le forbairt straitéiseach gníomhaíochtaí tráchtála cuí. Oibreoidh sé/sí go dlúth leis an Stiúrthóir, leis an bhFoireann Ceannaireachta Feidhmiúcháin (ELT), agus le bainisteoirí sinsearacha, chomh maith lenár mBord Caomhnóirí agus Gobharnóirí, agus le príomhpháirtithe leasmhara seachtracha eile.
Tá cúnamh á fháil ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann don cheapachán seo ón ngnólacht cuardaigh feidhmiúcháin domhanda, Perrett Laver.
Chun tuilleadh eolais a fháil lena n-áirítear ar na cáilíochtaí, na scileanna agus an taithí is gá, téigh chuig: https://candidates.perrettlaver.com/vacancies/ agus luaigh an tagairt 6765. Beidh ball den fhoireann sásta labhairt go díreach le hiarrthóirí leasmhara faoin deis. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná 12in MAG Dé hAoine 29 Meán Fómhair, 2023.
Is fostóir comhdheiseanna é Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.